An
Ghníomhaireacht
Cruthaíodh an Ghníomhaireacht um Chomhar idir
Rialálaithe Fuinnimh (ACER), Gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh, faoi Thríú
Pacáiste Fuinnimh le dul chun cinn breise a dhéanamh maidir leis an margadh
inmheánach fuinnimh a chur i gcríoch i dtaca le leictreachas agus gás nádúrtha araon.
Seoladh ACER go hoifigiúil i Márta 2011, agus
tá sí lonnaithe i Liúibleána, an tSlóivéin.
Agus í ag feidhmiú mar struchtúr Eorpach
neamhspleách a chothaíonn comhar idir rialálaithe fuinnimh na hEorpa, cinntíonn
ACER go mbaintear amach comhtháthú an mhargaidh agus comhchuibhiú creataí
rialála laistigh den chreat maidir le cuspóirí beartais fuinnimh an AE. Is é
mar aidhm leis na cuspóirí sin an méid seo a leanas a chruthú:
Margadh lánpháirtithe, níos iomaíche a thugann rogha níos fearr do thomhaltóirí;
Bonneagar éifeachtúil fuinnimh a ráthaíonn saorghluaiseacht fuinnimh thar
theorainneacha agus iompar foinsí fuinnimh úrnua, rud a chuirfidh feabhas ar shlándáil soláthair do ghnóthais agus
do thomhaltóirí an AE;
Margadh fuinnimh atá trédhearcach agus a ndéantar faireachán air, ag ráthú do thomhaltóirí praghsanna
ag costas-léiritheach agus cleachtais
droch-úsáide a díspreagadh.
Foras lárnach is ea ACER, mar sin, sa chruthú
de Mhargadh Fuinnimh Aonair ar mhaithe le gach tomhaltóir an AE!