Misean
& Spriocanna
Sainmhínítear misean agus cúraimí ACER i
dTreoracha agus Rialacháin sa Tríú Pacáiste Fuinnimh, go háirithe Rialachán
(CE) 713/2009 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht. In 2011, tugadh cúraimí
breise do ACER faoi Rialachán (AE) Uimh 1227/2011 maidir le sláine agus
trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (REMIT) agus in 2013 faoi
Rialachán (AE) Uimh 347/2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair
thras-Eorpaigh fuinnimh.
Is é an misean foriomlán ag an
nGníomhaireacht, mar a luaitear sa rialachán lena mbunaíodh í, ná cúraimí
rialálaithe fuinnimh náisiúnta a chomhlánú agus a chomhordú ag leibhéal AE,
agus a bheith ag obair i dtreo margadh fuinnimh aonair an AE le haghaidh
leictreachais agus gás nádúrtha a chur i gcríoch.
Tá ról lárnach le himirt ag ACER maidir le
gréasán agus rialacha margaidh a fhorbairt ar fud an AE chun iomaíocht a
fheabhsú. Déanann an Ghníomhaireacht tionscnaimh réigiúnacha agus
trasréigiúnacha a chomhordú, i bhfabhar comhtháthú margaidh. Déanann sí
faireachán ar obair ghréasán Eorpach oibreoirí na gcóras tarchurtha
(ENTSOanna), agus go sonrach, ar a gcuid beartas maidir le forbairt gréasán ar
fud an AE. Ar deireadh, déanann ACER faireachán ar fheidhmiú margaí gáis agus
leictreachais go ginearálta, agus ar thrádáil i bhfuinneamh mórdhíola ach go
háirithe.